Navigation

  • Skip to Content
EUMOFA
Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh
um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe
  • Eolas fúinn 
  • CABHRÚ
SÍNIGH ISTEACH
Add Picture to Documents and Media Library in Liferay Seven
  1. EUMOFA
  2. Léargas ginearálta ar mhargadh an AE
Léargas ginearálta ar mhargadh an AE Sonraí Staidéir agus tuarascáil
  • Austria
  • Belgium
  • Bulgaria
  • Croatia
  • Cyprus
  • Czech Republic
  • Denmark
  • Estonia
  • France
  • Finland
  • Germany
  • Greece
  • Hungary
  • Ireland
  • Italy
  • Latvia
  • Lithuania
  • Luxembourg
  • Malta
  • Netherlands
  • Poland
  • Portugal
  • Romania
  • Slovakia
  • Slovenia
  • Spain
  • Sweden
  • Margadh éisc an AE
  • Próifíle tíre
  • Próifílí speiceas
  • Naisc úsáideacha

Léargas ginearálta ar mhargadh an AE

Sa rannán seo tá faisnéis struchtúrach agus anailísí ar thionscal iomlán Eorpach an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ag leibhéal an AE agus an Bhallstáit, á gcur i láthair trí “phróifílí” tiomnaithe. Moltar liosta nasc úsáideach freisin.

Cliceáil ar na cnaipí ar an taobh clé le tuilleadh eolais a fháil.

Margadh éisc an AE

 

 

Eochairfhigiúirí ag leibhéal an AE

   

Is margadh tábhachtach é an AE le haghaidh éisc agus bia mara: 10,41 milliún tonna (beomheáchan) a thomhaltas sa bhliain 2020, is ionann sin agus 23 kg an duine (beomheáchan). Ach ní mar a chéile an tomhaltas ar fud an AE, tá sé idir 58 kg an duine (beomheáchan) (an Phortaingéil), agus 6 kg an duine (beomheáchan) (an tSeicia). Breis agus 130 euro an duine an caiteachas bliantúil ag teaghlaigh an AE ar bhia mara, ionann agus ceathrú an oiread a chaitear ar fheoil.

Is iad na táirgí is mó a tomhlaítear ná tuinnín (stánaithe den chuid is mó), bradán, trosc, mangach Alascach, séaclaí, diúilicín, colmóir agus scadán.

Riartar ar mhórchuid an éilimh inmheánaigh ar bhia mara san AE trí mheán allmhairí, agus clúdaíonn siad tuairim is 70% den tsoláthar iomlán. Bradán, trosc, tuinnín, mangach Alascach, min éisc agus séaclaí na táirgí is mó a allmhairítear. Os a choinne sin, onnmhairítear beagnach 20% de sholáthar an AE. Scadán, ronnach, faoitín gorm, tuinnín, min éisc agus ola éisc na táirgí is mó a onnmhairítear.

Tá an AE ar an seachtú táirgeoir is mó ar domhan maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus clúdaíonn sé tuairim is 2% den táirgeacht dhomhanda (4% maidir le gabhálacha agus 1% maidir le dobharshaothrú) sa bhliain 2020. 

 

Sna Próifílí tíre tá anailís ar an slabhra soláthair iascaigh agus dobharshaothraithe i ngach Ballstát den Aontas Eorpach. Tugtar na sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla is déanaí, a aithníonn na speicis is mó dá gcuirtear i dtír, dá saothraítear agus dá ndíoltar agus an dearcadh is mó dá bhfuil ag tomhaltóirí i ngach tír. Cliceáil ar na tíortha sa léarscáil nó ar ainm na dtíortha ar an taobh dheis le tuilleadh eolais a fháil

  • An Ostair  EN  DE
  • An Bheilg  EN  FR
  • An Bhulgáir  EN  BG
  • An Chróit  EN  HR
  • An Chipir  EN  EL
  • Poblacht na Seice  EN  CS
  • An Danmhairg  EN  DA
  • An Eastóin  EN  ET
  • An Fhionlainn  EN  FI
  • An Fhrainc  EN  FR
  • An Ghearmáin  EN  DE
  • An Ghréig  EN  EL
  • An Ungáir  EN  HU
  • Éire  EN  GA
  • An Iodáil  EN  IT
  • An Laitvia  EN  LV
  • An Liotuáin  EN  LT
  • Lucsamburg  EN  FR
  • Málta  EN  MT
  • PAn Ísiltír  EN  NL
  • An Pholainn  EN  PL
  • An Phortaingéil  EN  PT
  • An Rómáin  EN  RO
  • An tSlóvaic  EN  SK
  • An tSlóivéin  EN  SL
  • An Spáinn  EN  ES
  • An tSualainn  EN  SV

Maidir leis na hainmneacha a úsáidtear ar an léarscáil seo agus an chaoi a gcuirtear an t-ábhar i láthair ar an léarscáil, níl an tAontas Eorpach ag tabhairt tuairim ar bith uaidh faoin stádas dlíthiúil atá ag aon tír, aon chríoch, aon chathair nó aon cheantar ná atá ag údarás nó teorainneacha aon tíre, críche, cathrach nó ceantair.

Sna próifílí speiceas tugtar faisnéis faoi na príomh-mhargaí agus sonraí feadh an tslabhra soláthair faoi na speicis is tábhachtaí do mhargadh an AE. Tugtar ainmniú tráchtála, cur síos ar an speiceas agus eolas cáilíochtúil eile, mar aon le sonraí nuashonraithe faoin táirgeacht (iascaigh agus dobharshaothraithe), faoin trádáil agus faoin tomhaltas.

Cliceáil ar an speiceas thíos le níos mó eolais a fháil.

 

Mangach Alascach

(THERAGRA CHALCOGRAMMA)

Trosc

(GADUS MORHUA)

Bradán Atlantach

(SALMO SALAR)

Colmóir

(MERLUCcIUS MERLUCcIUS)

Garbhánach órcheannach

(SPARUS AURATA)

Scadán

(CLUPEA HARENGUS)

Muirín mór

(PECTEN MAXIMUS)

Gliomach na hIorua

(NEPHROPS NORVEGIUS)

Diúilicín

(MYTILUS EDULIS – MYTILUS GALLOPROVINCIALIS)

Oisre

(OSTREIDAE)

Tuinnín colgach

(THUNNUS ALALUNGA)

Doingean mara Eorpach

(DICENTRARCHUS LABRAX)

Séaclaí fuaruisce

(CRANGON CRANGON - PANDALUS BOREALIS)

Tuinnín buí

(THUNNUS ALBACARES)

Séacla Penaeus

(PENAEUS VANNAMEI - PENAEUS BRASILIENSIS - PENAEUS MONODON)

Breac dea-dhathach

(ONCORHYNCHUS MYKISS)

 

Sa rannán seo tá naisc úsáideacha chuig seirbhísí agus tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiascach agus le dobharshaothrú. Tá sonraí agus faisnéis faoi bheartais an AE san earnáil Táirgí Iascaigh agus Dobharshaothraithe sna naisc freisin.

 
Gnóthaí Muirí agus Iascaireacht

Bainistíonn an Coimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta) an suíomh gréasáin seo faoi ghnóthaí muirí agus faoi iascaireacht. Soláthraíonn sé faisnéis ábhartha shoiléir nuashonraithe don phobal, do pháirtithe leasmhara agus d’iriseoirí faoi ghnóthaí muirí agus faoi bheartas iascaigh an AE..

https://ec.europa.eu/info/departments/maritime-affairs-and-fisheries_en

 

Líonra Eorpach de Limistéir Iascaireachta (FARNET)

Sa Líonra Eorpach de Limistéir Iascaireachta (FARNET) tugtar gach uile limistéar iascaireachta le chéile á dtacaíonn Ais thosaíochta 4 den Chiste Eorpach Iascaigh (CEI) leo.

https://webgate.ec.europa.eu/fpfis/cms/farnet/

 
Atlas Eorpach na Mara

Is bealach furasta spraíúil é Atlas Eorpach na Mara do ghairmithe, do dhaltaí agus do dhuine ar bith eile a bhfuil suime aige ann, le níos mó a fhoghlaim faoi fharraigí agus faoi chóstaí na hEorpa, faoina gcomhshaol, faoi ghníomhaíochtaí an duine a bhaineann leo agus faoi bheartais Eorpacha.

https://ec.europa.eu/maritimeaffairs/atlas_en

 
Fóram Muirí

Tá mar aidhm ag an bhFóram Muirí cumarsáid a fheabhsú eatarthu siúd a mbaineann beartas muirí an AE leo. Tugann sé deis do pháirtithe a bhfuil suim acu i mbeartas muirí an AE cumarsáid a dhéanamh ar an léibheann céanna.

https://webgate.ec.europa.eu/maritimeforum/

 

Tionscnamh de chuid European Comission Logo
Fógra Dlíthiúil & Beartas Príobháideachta - Beartas Fianán - Déan teagmháil linn - Mapa suímh
An nuashonrú is déanaí: 02/04/2023