“Tá cuid den ábhar ar an suíomh gréasáin seo á thabhairt cothrom le dáta ag an gCoimisiún Eorpach i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Má tá ábhar fós ar an suíomh nach léiríonn an tarraingt siar sin, ní d'aon turas gurb amhlaidh atá agus déanfar na leasuithe is gá.”
Ó thaobh EUMOFA de, na nósanna imeachta go léir ar chloígh EUMOFA leo maidir le bailiú, bainistiú agus scaipeadh sonraí, tá siad mar an gcéanna don Ríocht Aontaithe roimh an tarraingt amach as an Aontas Eorpach agus do gach aon Bhallstát den Aontas Eorpach.
Tar éis dháta na tarraingte amach, níl sonraí na Ríochta Aontaithe in EUMOFA ann i gcomhbhailithe de chuid an Aontais Eorpaigh a thuilleadh, ach cuirtear ar fáil iad i rannóga ar leith in éineacht le tíortha eile nach ball den Aontas Eorpach iad.
Tá achoimre thíos den chur chuige a ghlactar i leith gach tacar sonraí de chuid EUMOFA. Tá tuilleadh eolais ar fáil sna meiteashonraí ginearálta (nasc) nó sna meiteashonraí sainiúla atá ar fáil maidir le gach tábla simplí agus gach tábla casta.
SONRAÍ SEACHTAINIÚLA
Meastar gur cuid den AE í an Ríocht Aontaithe go dtí seachtain 5 den bhliain 2020 agus tá a cuid sonraí go dtí an tseachtain sin ar fáil i ngach tábla ag leibhéal an AE. Ó sheachtain 6 den bhliain 2020 amach, tá sonraí seachtainiúla na Ríochta Aontaithe ar fáil in áit ar leith, in éineacht le tíortha eile nach cuid den AE iad (an Íoslainn agus an Iorua).
SONRAÍ MÍOSÚLA
Meastar gur cuid den AE í an Ríocht Aontaithe go dtí mí Eanáir den bhliain 2020 agus tá a cuid sonraí go dtí an mhí sin ar fáil i ngach tábla ag leibhéal an AE. Ó mhí Feabhra den bhliain 2020 amach, tá sonraí míosúla de chuid na Ríocht Aontaithe ar fáil in áit ar leith, in éineacht le tíortha eile nach cuid den AE iad (an Íoslainn agus an Iorua).
SONRAÍ BLIANTÚLA
Meastar gur cuid den AE í an Ríocht Aontaithe go dtí an bhliain 2019 agus tá a cuid sonraí go dtí an bhliain sin ar fáil i ngach tábla ag leibhéal an AE. Ón mbliain 2020 amach, níl sonraí bliantúla na Ríochta Aontaithe ar fáil in EUMOFA a thuilleadh.