Data and Queries
Cur síos, Leagan amach na sonraí, Iarratais réamhshainithe, Iarratais ad hoc
Bailítear sonraí ó na hinstitiúidí Eorpacha, ó na Ballstáit, ón Iorua agus ón Íoslainn, agus ó sholáthróirí sonraí príobháideacha. Déantar seiceálacha rialta le monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus iontaofacht na sonraí ag céim an bhailithe, na hanailíse, agus an scaipthe.
Chun anailís agus monatóireachta a dhéanamh ar threochtaí an mhargaidh, comhchuibhítear sonraí i 12 ghrúpa tráchtearraí agus i 97 bpríomhspeiceas tráchtála, a roghnaítear de réir a dtábhachta maidir le céad díolacháin agus a dtábhachta do thrádáil an AE.
Comhchuibhítear sonraí freisin i 4 léiriú (iomlán; gearradh; seachtháirgí; neamhshonraithe) agus 5 staid leasúcháin (úr; reoite; triomaithe-saillte-deataithe; ullmhaithe-leasaithe; neamhshonraithe).
Leagtar sonraí amach i mbunachar sonraí EUMOFA i dtrí rannán:
Tá fáil ar na sonraí trí dhá chineál iarratais:
Iarratais réamhshainithe a bhfuil roghanna réamhroghnaithe iontu chun tuarascálacha a fháil go gasta mar thoradh iarratais. Tá iarratais réamhshainithe le fáil maidir le sonraí seachtainiúla, míosúla agus bliantúla.
Iarratais ad hoc shainiúla a bhfuil sainshonraí iontu atá inscagtha de réir do chuid riachtanas féin. Tá iarratais ad hoc le fáil maidir le sonraí seachtainiúla, míosúla agus bliantúla.