Beartas Fianán

Faisnéis faoin úsáid a bhainimid as fianáin

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin chun tusa a aithint thar úsáideoirí eile ár suímh. Cuireann sin feabhas ar do chuid brabhsála ar ár suíomh gréasáin agus féadaimid ár suíomh a fheabhsú fosta. Is ionann brabhsáil leat ar an suíomh agus glacadh lenár n-úsáid fianán.

Is comhad beag litreacha agus uimhreacha é fianán a stórálaimid ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ríomhaire má ghlacann tú leis. Tá faisnéis sna fianáin a aistrítear go tiomántán crua do ríomhaire.

Bainimid úsáid as na fianáin seo a leanas:

  • Fianáin riachtanacha. Is fianáin iad seo atá riachtanach chun oibriú ár suímh ghréasáin. Ina measc tá fianáin a chuireann ar do chumas logáil isteach i limistéir dhaingnithe ár suímh ghréasáin nó seirbhisí sonrascaithe leictreonaigh a úsáid.

  • Fianáin anailíseacha/féidhmiúcháin. Cuireann siad ar ár gcumas líon na gcuairteoirí a aithint agus a chomhaireamh agus an dóigh a mbogann cuairteoirí thart inár suíomh gréasáin. Dá bharr sin, féadaimid feabhas a chur ar oibriú an tsuímh, mar shampla trí chinntiú go dtagann úsáideoirí ar a bhfuil uathu go héasca.

  • Fianáin feidhmiúlachta. Úsáidtear iad seo chun tusa a aithint nuair a thagann tú ar ais chuig an suíomh. De thairbhe sin, féadaimid inneachar an tsuímh a chur in oiriúint duit, beannú duit i d’ainm agus cuimhin ar do chuid roghanna (mar shampla, do rogha teanga nó réigiúin).

  • Fianáin dírithe. Taifeadann na fianáin seo do chuairt ar ár suíomh, na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu agus na naisc a lean tú. Úsáidfimid an fhaisnéis seo chun an suíomh gréasáin agus an fhógraíocht a thaispeáintear air a chur in oiriúint do do chuid suimeanna. Is féidir go roinnfimid an fhaisnéis seo le tríú páirtithe chuige sin.

Tá níos mó eolais faoi na fianáin éagsúla a úsáidimid agus faoin bhfeidhm a bhainimid astu le fáil sa tábla thíos:

 

Fianán

Ainm

Feidhm

Tuilleadh eolais

Liferay Cookie Support

COOKIE_SUPPORT

Léiríonn tacaíocht an úsáideora d’fhianáin

 

Liferay Language

GUEST_LANGUAGE_ID

Léiríonn do rogha teanga

 

JSESSIONID

JSESSIONID

Léiríonn go bhfuil tú i mbun an suíomh a úsáid go gníomhach. Taifeadann seo cé mhéad úsáideoir atá ag tabhairt cuairte ar an suíomh ag am ar bith.

 

 

Is féidir leat cosc a chur ar fhianáin ach socrú a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaí a chuireann ar do chumas socrú gach fianáin nó fianán áirithe a dhiúltú. Mar sin féin, má chuireann tú cosc ar gach fianán (na fianáin riachtanacha ina measc) is féidir nach mbeidh rochtain agat ar gach cuid den suíomh.

 

Ach amháin na fianáin riachtanacha, rachaidh gach uile fhianán as feidhm nuair a bheidh an seisiún brabhsála críochnaithe.